Saghsanna Cuntais
Má osclaíonn tú cuntas leis na soláthróirí iomadúla, ní bheidh ort bheith buartha riamh arís faoi spriocdhátaí íocaíochta an lá dar gcionn a chailleadh nó an tsóinseáil cheart a bheith agat nuair a dhruideann tú le plás dola.
Ag brath ar do sholáthróir clibeanna, tá dhá rogha éagsúla cuntais ann:
- Réamhíoctha; agus
- Iaríoctha.
Cuntais Iaríoctha
Ligeann cuntas iaríoctha don chustaiméir cuntas a chruthú le soláthróir clibeanna chun na muirir dhola a íoc a tabhaíodh le linn na míosa sin ag deireadh na míosa. Féadfaidh dátaí íocaíochta athrú. Déan teagmháil le do sholáthróir clibeanna chun breis sonraí a fháil.
Féadfaidh tú rogha a dhéanamh idir roghanna éagsúla íocaíochta, ar nós:
- Dochar díreach;
- Cárta creidmheasa; agus
- Cárta dochair
Cuntais Réamhíoctha
Má bhíonn cuntas réamhíoctha agat, déanann tú do chuntas a bhreisiú le suim a roghnaíonn tú roimh ré. Déantar custaiméirí a ‘bhreisiú’ go huathoibríoch nuair a bhaineann a gcuntas an t-íosleibhéal amach a sonraíodh roimhe seo.
Féadfaidh tú rogha a dhéanamh idir roghanna éagsúla íocaíochta, ar nós:
- Dochar díreach;
- Cárta creidmheasa; agus
- Cárta dochair
Cuntas Airgid
Cuireann cuntas airgid ar chumas custaiméara a gclib a ‘bhreisiú’ le sochar roimh ré agus íocaíochtaí airgid thirim a úsáid.
Tá dhá rogha ann;
- Rogha 1 – Is féidir leat íoc ag ceann de na hasraonta iomadúla PostPoint atá lonnaithe ar fud na hÉireann
- Rogha 2 – Is féidir leat íoc ag both OmniVend atá lonnaithe i siopaí áise ar fud na tire
