Cén fáth a bhfaighfeá clib
Cabhraíonn clibeanna leictreonacha leat aistear le níos lú stadanna, atá níos tapúla agus níos breosla-éifeachtúla a bheith agat. A luaithe a chláraigh tú le solathróir clibeanna, eiseofar clib leictreonach duit a ríomhchláraíodh roimh ré le huimhir phláta ceadúnais agus aicme feithicle d’fheithicle.
Na Tairbhí a bhaineann le Clib a bheith agat
Tá clibeanna leictreonacha an-áisiúil. Is féidir le feithiclí áirithe, a bhfuil clibeanna suiteáilte iontu, is é sin, gluaisteáin, feithiclí faoi thiomáint ceithre roth agus veaineanna beaga, an mearlána a úsáid ar gach dolabhóthar in Éirinn.* Anuas air sin, cinntíonn siad an méid a leanas:
- Seachnaíonn tú breis breosla a úsáid agus am a chur amú i dtrácht ag both dola;
- Ní bheidh tú buartha riamh arís faoin tsóinseáil cheart a bheith ar láimh agat;
- Ní bhíonn aon spriocdhátaí íocaíochta i gceist an lá dar gcionn ar bhóithre áirithe;
- Faigheann tú roghanna idir cuntais réamhíoctha agus iaríoctha;
- Baineann tú tairbhe ó rátaí laghdaithe dola ar bhóithre áirithe;
Cuir feabhas ar d’eispéireas tiomána timpeall na hÉireann, agus cláraigh do chuntas clibe anois.
*Tabhair faoi deara: Ón 31 Lúnasa 2016 go dtí go bhfógrófar a mhalairt, ní oibreoidh clibeanna eFlow ag dolaphláis a oibríonn Celtic Roads Group (CRG).
Is iad seo a leanas na bóithre atá i gceist:
- M1 (Baile Mhic Gormáin - Mainistir Bhuithe)
- M7/M8 (Port Laoise - Baile an Chaisleáin/Port Laoise - an Chúlchoill)
- N25 (Seachbhóthar Chathair Phort Láirge)
Le haghaidh breis eolais cliceáil anseo.
Do Ghnólachtaí
Cabhraíonn clibeanna leictreonacha le gnó níos tapúla agus níos saoire a dhéanamh ar an mbóthar agus leis an ngnó sin a bhainistiú. Cibé acu má tá flít bheag, mheánach nó mhór ag do ghnólacht, bainfidh tú sochar ón méid a leanas:
- Aistir níos tapúla tríd an mearlána ar gach dolabhóthar in Éirinn (gluaisteáin, feithiclí faoi thiomáint ceithre roth agus veaineanna beaga)*
- Ní bheidh ort bheith buartha riamh arís go mbíonn an tsóinseáil cheart ar láimh ag do thiománaithe
- Is fusa bainistíocht agus monatóireacht a dhéanamh ar ráitis ina sonraítear na haistir go léir (labhair le soláthróir do chlibe chun breis eolais a fháil)
- Aistir níos saoire mar gheall gur féidir le do thiománaithe an trácht ag both dola a sheachaint agus seachnaíonn seo breosla breise a úsáid
- Caitheamh agus cuimilt níos lú a dhéanamh ar d’fheithiclí
*Tabhair faoi deara: Ón 31 Lúnasa 2016 go dtí go bhfógrófar a mhalairt, ní oibreoidh clibeanna eFlow ag dolaphláis a oibríonn Celtic Roads Group (CRG).
Is iad seo a leanas na bóithre atá i gceist:
- M1 (Baile Mhic Gormáin - Mainistir Bhuithe)
- M7/M8 (Port Laoise - Baile an Chaisleáin/Port Laoise - an Chúlchoill)
- N25 (Seachbhóthar Chathair Phort Láirge)
Le haghaidh breis eolais cliceáil anseo.
Fógra Sábháilteachta do Ghluaisrothaithe
Ní féidir clibeanna leictreonacha agus léitheoirí clibe a úsáid ar ghluaisrothair ag dola-phláis na hÉireann.
Ba mhian leis an Údarás um Bóithre Náisiúnta an baol a chur in iúl do gach gluaisrothaí a bhaineann leis na méarlánaí a úsáid le clib leictreonach ag dola-phláis ar fud na hÉireann.
Ní sholáthraíonn soláthróirí clibeanna don chuspóir seo. Sa mhullach air sin, thug oibreoirí dola-phláis le fios nár dearadh na mearlánaí go n-úsáidfidh gluaisrothaithe iad.
