In Éirinn
Thug an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta córas íocaíochta dolaí isteach atá áisiúil don úsáideoir (eToll) a cuireadh i bhfeidhm i dtosach Dé hAoine an 15 Meitheamh 2007.
Is é ceann de na buntáistí is mó a bhaineann le clárú don chóras seo go bhfuil siad idir-inoibritheach ar fud na hÉireann. Ciallaíonn seo, a luaithe a chláraigh tú le soláthróir clibeanna, tabharfaidh do chlib rochtain duit ar gach dolabhóthar sa tír.*
Féadfaidh sealbhóirí clibe na tairbhí a bhaint a bhaineann le trácht ag both dolaí a sheachaint, gan aon sóinseáil a bheith ag teastáil uait arís mar aon le haistir níos tapúla agus níos breosla-éifeachtúla.
Coincheap simplí agus áisiúil atá i gcoincheap eToll:
“oibreoidh clib ó aon cheann de na hoibreoirí údaraithe ar dholabhóithre ar fud na tíre”.
Is féidir teacht ar liosta iomlán de na soláthróirí clibeanna agus ar a gcuireann a gcuntais ar fáil anseo. Oibreoidh aon cheann de na clibeanna a liostaítear ar gach dolabhóthar in Éirinn.
Anuas air sin, glacann gach lána ag dola-phláis (seachas na lánaí atá tiomnaithe d'fheithiclí HGV ag Tollán Chalafort Bhaile Átha) le clibeanna.Úsáideann gach soláthróir clibeanna córas idir-inoibritheachta eToll, a chiallaíonn nach dteastaíonn ach clib amháin ó thiománaí le haghaidh na n-áiseanna gearrtha dolaí in Éirinn.
Bunaithe ar an gclár píolótach, táimid ag súil le ráta ratha thart ar 98% a bhaint amach, ach cruthaíonn clibeanna lochtacha deacrachtaí nó mura suiteáiltear an chlib ionaid i gceart san fheithicil.
Iarrtar ort treoracha an eisitheora a léamh maidir le láthair na clibe agus má bhíonn aon deacracht leis an gclib leictreonach, déan teagmháil leis an eisitheoir, le do thoil.
Is gá do thiománaithe ag a bhfuil breis agus clib amháin a bheith ar an eolas nach ndéanfar ach clib amháin a léamh ar bhonn roghnú randamach. Ar an ábhar sin, moltar go roghnaíonn tiománaithe a rogha clibe agus go suiteáiltear í i gceart laistigh dá bhfeithicil.
*Tabhair faoi deara: Ón 31 Lúnasa 2016 go dtí go bhfógrófar a mhalairt, ní oibreoidh clibeanna eFlow ag dolaphláis a oibríonn Celtic Roads Group (CRG).
Is iad seo a leanas na bóithre atá i gceist:
- M1 (Baile Mhic Gormáin - Mainistir Bhuithe)
- M7/M8 (Port Laoise - Baile an Chaisleáin/Port Laoise - an Chúlchoill)
- N25 (Seachbhóthar Chathair Phort Láirge)
Le haghaidh breis eolais cliceáil anseo.
