Inrochtaineacht
Sainmhínítear sna Treoirlínte um Inrochtaineacht Ábhar Gréasáin (WCAG) ceanglais do dhearthóirí agus d’fhorbróirí chun inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a fheabhsú. Tá etoll.ie i gcomhréir go hiomlán le WCAG 2.1
Tá etoll.ie tiomanta do:
- Suíomh gréasáin inrochtana a chothabháil.
- A chinntiú go mbaineann an suíomh gréasáin seo “Leibhéal AA” amach de réir na dTreoirlínte um Inrochtaineacht Ábhar Gréasáin (WCAG) 2.1, chun cloí le Cód Cleachtais an Údaráis Náisiúnta Míchumais ar Inrochtaineacht ar Sheirbhísí Poiblí agus ar Fhaisnéis arna Cur ar Fáil ag Comhlachtaí Poiblí.
- A chinntiú go mbainfidh gach faisnéis nua ar an suíomh gréasáin “Leibhéal AA” amach de réir na dTreoirlínte um Inrochtaineacht Ábhar Gréasáin (WCAG) 2.1.
- Lena n-áirítear inrochtaineacht nuair a sholáthraímid córais 3ú páirtí nó uasghráduithe ar chórais atá ann cheana féin.
Ráiteas um Chomhlíonadh
Sainmhínítear sna Treoirlínte um Inrochtaineacht Ábhar Gréasáin (WCAG) ceanglais do dhearthóirí agus d’fhorbróirí chun inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a fheabhsú. Tá etoll.ie ag comhlíonadh go hiomlán le WCAG 2.1.
Ullmhú an Ráitis Inrochtaineachta.
Ullmhaíodh an ráiteas seo agus cuireadh ar fáil é an 8 Deireadh Fómhair 2022. Tá na modhanna a úsáidtear chun an ráiteas a ullmhú leagtha amach in Airteagal 3(1) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1523 ón gCoimisiún agus ag an Údarás Náisiúnta Míchumais anseo. Athbhreithníodh an ráiteas an 8 Deireadh Fómhair 2022 don uair dheireanach.
Aiseolas agus Faisnéis Teagmhála
Cuireann eToll fáilte roimh aiseolas uait maidir le hinrochtaineacht an láithreáin ghréasáin seo. Má fhaigheann tú amach nach bhfuil tú in ann rochtain a fháil, faisnéis a iarraidh, nó ábhar a úsáid ar shuíomh gréasáin eToll ar chúiseanna inrochtaineachta, déan teagmháil linn le do thoil ar an leathanach teagmhála.
Rochtain ar fhaisnéis
Tá Bonneagar Iompair Éireann (TII) tiomanta do cheanglais an Achta um Míchumas 2005, lena n-áirítear láithreáin ghréasáin a sholáthar ar féidir le gach duine rochtain a fháil orthu agus a úsáid, beag beann ar mhíchumas.
Má aimsíonn tú nach bhfuil tú in ann ábhar ar shuíomh gréasáin eToll a rochtain ná a úsáid ar chúiseanna inrochtaineachta, déan teagmháil le do thoil le duine dár bhfoireann atá liostaithe thíos a dhéanfaidh a ndícheall cabhrú leat:
Michael Kennedy
Oifigeach Fiosrúcháin
Teileafón: 01-6463600
Ríomhphost: michael.kennedy@tii.ie
Sarah O’Donnell
Oifigeach Rochtana
Teileafón: 01-6463600
Ríomhphost: sarah.odonnell@tii.ie