Ag Tiomáint ar Bhóithre Dola
Má tá tú ag taisteal timpeall na hÉireann, bíodh sé le haghaidh oibre nó súgartha, agus mura bhfuil tú ar an eolas i ndáiríre faoi, tá tú san áit cheart. Anseo thíos gheobhaidh tú eolas ar na háiteanna ina bhfuil na bóithre dola agus conas íoc astu.
Cá bhfuil na bóithre dola?
Tá aon bhóthar dola déag i bPoblacht na hÉireann, agus oibreoidh gach ceann acu le Cuntas Chlib Dola. Tá siad suite mar seo a leanas:

M50 Saor ó bhacainn le dola leictreonach
M1 (Baile Mhic Gormáin – Mainistir Bhuithe)
M3 (Cluain Aodha – Ceanannas)
M4 (Cill Choca – An Bóthar Buí – Cionn Átha Gad)
N6 (Gaillimh – Béal Átha na Sluaighe)
M7/M8 (Port Laoise – Baile an Chaisleáin/Port Laoise – An Chúlchoill)
N8 (Ráth Chormaic – Seachbhóthar Mhainistir Fhear Maí)
Droichead an Nascbhóthair Thoir
Tollán Bhaile Átha Cliath
Tollán Luimnigh
Mar mhalairt air sin, is féidir eolas ar bhóithre náisiúnta a bhaineann le hOibreacha Bóthair, amanna Tráchta agus Taistil a fháil anseo
Conas a íocaim?
Tá gnáthdhola-phláis suite ar dheich ndolabhóthar na hÉireann as na haon dolabhóthar déag atá ann sa tír agus féadfaidh tú íoc astu ansin le hairgead tirim ag gach dolaphlás .
M1, M3, M4, N25, M7/8, Tollán Bhaile Átha Cliath, M6, M8, Tollán Luimnigh agus Droichead an Nascbhóthair Thoir: glactar freisin le híocaíocht le cárta trí Visa Debit nó Mastercard amháin.
M50: an t-aon dolabhóthar nach gá stopadh. Úsáideann an dola seo córas iontach gabhála físeáin agus braiteoirí chun d’uimhir chláraithe a thaifeadadh. Is féidir leat íoc as do thurais M50 freisin ag asraonta Payzone ainmnithe ar fud na tíre nó is féidir leat íoc ar líne anseo.
Is é an bealach is éasca agus is fearr chun íoc as dolaí in Éirinn ná clárú le haghaidh Cuntas Chlib Dola agus am, airgead, an trioblóid agus an tinneas cinn a shábháil, a tharlaíonn mura gcomhlíontar an spriocdháta íocaíochta.
Cad a tharlóidh mura n-íocaim do mo turais ar an M50?
Má úsáideann tú an M50, agus mura bhfuil tú cláraithe le soláthraí clibe, caithfidh tú íocaíocht dola a dhéanamh roimh 8:00in an lá dár gcionn. Má theipeann ort íocaíochtaí a dhéanamh in am, cuirfear pionóis ort. Is féidir leat íoc ar líne anseo.
Conas a íocaim as aistear dola má tá mé ag tiomáint cairr ar cíos?
Ba cheart duit dul i dteagmháil le do chuideachta a ligeann carranna ar cíos roimh ré le fáil amach an gcumhdaítear íocaíocht dola trí do chomhaontú cíosa. Mura bhfuil sé seo amhlaidh is tusa atá freagrach as táillí dola a íoc.
Tá plás dola M50 Bhaile Átha Cliath saor ó bhacainn agus is féidir leat íoc ar líne anseo.