Ceisteanna Coitianta

Sa chuid seo freagraimid gach ceist a d’fhéadfadh a bheith agat faoi Etoll. Mura bhfuil freagra tugtha ar do cheist leis an bhfaisnéis ar an leathanach seo, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphost.

Cuntas chlib dola

Blank element to eliminate the first item always open
Cad iad na buntáistí a bhaineann le clárú le haghaidh Cuntas Clib Dola?

Tá sé i bhfad níos fearr Clib Dola a bheith agat i do fheithicil ná gan ceann ar bith a bheith agat. Tá a fhios againn go léir an deacracht a bhaineann le tréaniarracht a dhéanamh sóinseáil a chuardach, ag suí sa trácht dola nó gan spriocdháta íocaíochta a chomhlíonadh. Nuair a bheidh tú cláraithe agus feistithe le do Chlib Dola úrnua, ní hamháin go spárálann tú am iontach ach is féidir leat airgead a shábháil ar do thurais dola freisin.

Cén fáth clárú?

– Sábháil airgead ar bhóithre dola áirithe

– Ionas nach gcuirifidh tú níos mó ama amú i dtrácht dola

– Tiocfaidh deireadh le do chuid laethanta ag cuardach do shóinséala i do phóca

– Slán leis na spriocdhátaí íocaíochta dan chéad lá eile

– Is féidir leat íoc as do thurais sula dtaistealaíonn tú fiú

Mar sin, cad a bhfuil tú ag fanacht le haghaidh?

Cláraigh anois!

Cá háit ar féidir liom is Clib Dola a fháil?

Tá roinnt soláthraithe Chlib Dola in Éirinn a chuireann roghanna éagsúla cuntais agus íocaíochta ar fáil mar chuid dá seirbhís. Téigh anseo le haghaidh soláthraithe Chlib Dola agus roghanna cuntais a fháil

Cén fhaisnéis a dteastaíonn uaim chun clárú?

Chun clárú le haghaidh Cuntas Chlib Dola, beidh sonraí iomlána na feithicle agus modh íocaíochta bailí uait.

Cad iad na cineálacha cuntais atá ar fáil?
Nuair a chláraíonn tú le haghaidh cuntais, ní bheidh ort a bheith buartha faoi dhearmad a dhéanamh ar na chéad spriocdhátaí íocaíochta eile ná an sóinseáil cheart a bheith agat agus tú ag druidim le plás dola.

Ag brath ar do sholáthraí clibe, tá trí rogha cuntais éagsúla le roghnú astu:

Cuntais Iar-Íoctha

Ligeann cuntas iar-íoctha duit cuntas a bhunú chun na táillí dola a íoc ag deireadh na míosa ina ndearnadh an turas. Féadfaidh dátaí íocaíochta athrú ag brath ar an Soláthraí Chlib Dola.

Cuntais Réamh-Íoctha

Le cuntas réamhíoctha, is féidir leat do chuntas a bhreisiú sula n-úsáideann tú an dola. Agus fiú má dhéanann tú dearmad breisiú a dhéanamh, déanfar do chuntas a bhreisiú go huathoibríoch, má bhíonn do chuntas faoin íosleibhéal sonraithe.

Cuntas Airgid Thirim

Le cuntas airgid thirm, ligtear duit do chlib dola a bhreisiú le creidmheas ag úsáid íocaíochtaí in airgead tirim sula dtéann tú ag taisteal. Cosúil leis an mbealach ina gcuirfeá creidmheas le do ghuthán.

Is féidir leat é seo a dhéanamh ag aon asraon PostPoint nó ag aon bhoth OmniVend in Éirinn.

Is féidir leat an cuntas a dteastaíonn uait a roghnú anseo

Conas is féidir liom Clib Dola a shuiteáil?

Tá sé thar a bheith éasca Clib Dola a shuiteáil…nuair a bhíonn an chaoi ar eolas agat!

I gcarranna agus iompróirí daoine, ba cheart clibeanna a shuiteáil go cothrománach ar an taobh istigh den ghaothscáth taobh thiar den scáthán cúil. Ar fheithiclí a bhfuil gaothscátha téite nó atheasacha acu, ní mór an chlib a chur ar chúl an scátháin cúil i lár an limistéir scáthaithe/poncaithe.

I gcás bus, leoraí nó trucail, ba cheart an chlib a chur go hingearach ag bun an ghaothscátha.

Féách ar ár dtreoir suiteála clibe a thugann míniú amhairc ar conas do Chlib Dola a shuiteáil.

Cad a tharlóidh mura n-oibríonn mo Chlib Dola?
Suíomh Clibe

Mura bhfuil do chlib ag obair, cinntigh le do thoil go bhfuil do chlib suite i gceart. I gcarranna agus i veaineanna, ba chóir go mbeadh sé crochta suas go hard agus dírithe ar an ngaothscáth, faoi bhun an scátháin chúil. I trucailí agus busanna, ba chóir go mbeadh sé corchta go híseal agus dírithe ar an ngaothscáth. Faigh ár dtreoir maidir le clib a shuiteáil anseo.

Teorainneacha Luais agus Faid

Ní mór duit fanacht laistigh de theorainneacha luais agus achair ar an lána tapa. Cuireann formhór na mbóithre dola in Éirinn srian luais de 50km/u i bhfeidhm. Ní mór do thiománaithe freisin achar de 30 méadar ar a laghad a choinneáil ón bhfeithicil atá ag tiomáint os do chomhair. Má sháraíonn tú na srianta seo, diúltófar don fheithicil ón lána tapa.

Cuntas ar Fionraí

Seans go stopfaidh clibeanna ag feidhmiú má tá cuntas curtha ar fionraí. D’fhéadfadh cuntas a bheith curtha ar fionraí de bharr saincheisteanna billeála. Más é seo an cás, beidh ort dul i dteagmháil go díreach le do sholáthraí clibe chun do shonraí íocaíochta nó modh íocaíochta a nuashonrú chun do chlib a athghníomhachtú.

Ceallra Clibe

Mura bhfuil do chlib fós ag obair tar éis na céimeanna seo a dhéanamh, seans go mbeidh an ceallra imithe in éag. Tá saol de cheallra caighdeánach c;ibe idir 3-5 bliana ag brath ar úsáid. Déan teagmháil le do sholáthraí clibe go díreach maidir le do chlib a athsholáthar.

Ní raibh roinnt samhlacha clibe níos sine ag obair ag pláis dola. Má tá an tsamhail chlib de mhéid níos mó agat agus nach bhfuil sé á léamh go huathoibríoch ag na pláis dola agus go bhfuil an t-airgeadóir sa bhoth dola ag cur do chlib isteach de láimh déan teagmháil le do sholáthraí clibe. Eiseofar clib líne caol nua duit chomh luath agus is féidir.

Conas is féidir le mo ghnó leas a bhaint as Cuntas Dola Clibe?

I gcás cuideachtaí flíte agus cuideachtaí a bhfuil feithiclí iolracha acu, tá a fhios againn gurb’ionann airgead agus am. Má tá clib dola ar d’fheithicil(í), ciallaíonn sé seo go sábhálfaidh tú am luachmhar trí lánaí tapa a úsáid AGUS d’fhéadfadh gach feithicil suas le €1 a shábháil ar do thurais Dola

Cén fáth clárú?

  • Turais níos tapúla ar na lánaí tapa (gluaisteáin, jípeanna agus veaineanna beaga)
  • Ní bheidh ort ná do thiománaithe a bheith buartha faoin sóinseáil cheart a bheith agat
  • Éasca le do thurais agus do chaiteachas a bhainistiú agus monatóireacht a dhéanamh orthu (labhairt le do sholáthraí clibe le haghaidh tuilleadh eolais)
  • Costais breosla agus astaíochtaí a laghdú trí thrácht na mboth dola a sheachaint
  • Níos lú caithimh agus cuimilte ar do chuid feithiclí

Tá sé thar a bheith ciallmhar cuntas clibe dola a bheith agat do do ghnó.

Cláraigh le haghaidh cuntas gnó anois!

Cé atá freagrach as mo Chlib Dola a chothabháil?

Tá tú féin, sealbhóir an chuntais, freagrach as do Chlib Dola a chothabháil agus, más gá an cuntas a dhúnadh, beidh ort gach Clib dola a thabhairt ar ais i riocht inghlactha.

Is ortsa atá an fhreagracht freisin clibeanna dola caillte/goidte/damáistithe a chur in iúl do sholáthraí do chlibe. Mura bhfuil do Chlib Dola á léamh go huathoibríoch, nó má bhíonn ort an chlib a chur i láthair ag an mboth dola chun d’idirbheart a chlárú, ba chóir duit an cheist a thuairisciú láithreach do sholáthraí do chlibe.

Déan tagairt le do thoil do théarmaí agus coinníollacha do sholáthraí clibe le haghaidh tuilleadh eolais.

Faisnéis maidir le Dola

Blank element to eliminate the first item always open
Cad is Dreasacht Dola na Feithicle Astaíochtaí Ísle (LEVTI) ann?

Tugadh scéim na Dreasachta Dola um Fheithiclí Astaíochta Íseal (LEVTI) isteach sa bhliain 2018 agus bhí sí i bhfeidhm suas go dtí an 31 Nollaig 2023 leis an gcuspóir aici na gcostais dola a mbaineann le Feithiclí Astuithe Íseal (LEVanna) a laghdú.

Maoiníodh an Scéim tríd an Roinn Iompair (RI) faoin gClár um Laghdú an Charbóin astuithe an íompair a laghdú agus earnáil iompair ar ísealcharbóin atá athléimneach ó thaobh na haeráide de a thógáil faoin mblian 2050 agus tugadh isteach scéim an LEVTI chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt don chuspóir seo.

Cé go bhfuil an scéim tugtha chun críche anois, leanfar ar aghaidh le hinfheistíocht an rialtais in athchothromú na gcostas a mbaineann le feithiclí leictreacha trí thacaíocht a thabhairt do bhonneagar luchtaithe FL. Tá an t-athrú seo i gcomhchéim le beartais chomhchosúla i náisiúin eile na hEorpa, áit a bhfuil tús curtha ag tíortha le hathruithe ar nós fóirdheontais na bhfeithiclí a laghdú agus bogadh infheistíocht an rialtais i bhfeithiclí leictreacha i dtreo an bhonneagair.

Dola in Éirinn

Nuair a úsáideann tú ceann de bhóithre dola na tíre, caithfidh tú dola a íoc. Tá freagracht ar Bhonneagar Iompair Éireann (TII) as maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an dola ar fud na hÉireann. Ina theannta sin, tá an tÚdarás freagrach freisin as pleanáil, maoirsiú, tógáil agus cothabháil bóithre náisiúnta uile na hÉireann.

Cad is eToll ann?

Is é eToll an tsiombail don dola leictreonach in Éirinn. Is trádmharc é agus ní féidir é a úsáid ach ar sheirbhísí le cead ó eToll agus ó Bhonneagar Iompair Éireann.

Tá sé mar aidhm ag eToll feasacht agus éileamh ar chuntais dola leictreonacha in Éirinn a mhéadú.

Tá aon bhóthar dola déag ann i bPoblacht na Éirinn: Áirítear leis seo plás dola caighdeánach agus dola an M50 saor ó bhacainn i mBaile Átha Cliath. Tá Cuntais Chlib Dola ó sholáthraithe clibe ar cuideachtaí iad atá cláraithe le eToll idir-inoibritheach. Ciallaíonn sé seo gur féidir an chlib chéanna a úsáid chun táillí dola a íoc ar aon bhóthar dola in Éirinn.

Conas a oibríonn Clibeanna Dola?

Cuirtear clib bheag leictreonach i d’fheithicil agus braitear é gach uair a théann an fheithicil tríd an bplás. Cuirtear an dola do dhochar do chuntas ansin. Aithneoidh an córas go huathoibríoch an dola ceart don aicme feithicle atá á tiomáint agat.

Faoi láthair ní oibreoidh ach na clibeanna leictreonacha a sholáthraíonn soláthraithe clibe in Éirinn ar dola-bhóithre na hÉireann. Beidh comhtháthú iomlán le haghaidh soláthraithe clibe ar fud na hEorpa ar fáil amach anseo.

Cad a chiallaíonn idir-inoibritheacht eToll?

Úsáideann an chuid is mó de na Soláthróirí Clibe an córas Idir-Inoibritheachta eDola a chiallaíonn nach mbeidh ach clib amháin ag teastáil ó thiománaí le haghaidh saoráidí dola in Éirinn. Molaimid gan ach clib amháin a shuiteáil i ngach feithicil.

Ní mór do thiománaithe a bhfuil níos mó ná clib amháin acu a bheith ar an eolas nach léifear ach clib amháin trí roghnú randamach. Mar sin, moltar do thiománaithe rogha chlibe a roghnú le crochadh i gceart laistigh dá gcarr.

Ním ag taisteal ar ghluaisrothar, an féidir liom clib a fháil?

Ní sholáthraíonn soláthraithe clibe clibeanna le húsáid ag gluaisrothaithe ag lánaí tapa ar phláis dola. Tá sé tugtha le fios ag oibreoirí phlás dola freisin nach bhfuil na lánaí tapa deartha le húsáid ag gluaisrothair. Mar gheall ar an mbaol sábháilteachta féideartha seo, ní mholtar Clib Dola a úsáid le gluaisrothar

Cad iad na bóithre in Éirinn a bhfuil dola orthu?

Tá aon dola-bhóthar déag i bPoblacht na hÉireann:

 

  • M50 Saor ó bhacainn le dola leictreonach
  • M1 (Baile Mhic Gormáin – Mainistir Bhuithe)
  • M3 (Cluain Aodha – Ceanannas)
  • M4 (Cill Choca – An Bóthar Buí – Cionn Átha Gad)
  • N6 (Gaillimh – Béal Átha na Sluaighe)
  • M7/M8 (Port Laoise – Baile an Chaisleáin/Port Laoise – An Chúlchoill)
  • N8 (Ráth Chormaic – Seachbhóthar Mhainistir Fhear Maí)
  • N25 (Seachbhóthar Chathair Phort Láirge)
  • Droichead an Nascbhóthair Thoir
  • Tollán Bhaile Átha Cliath
  • Tollán Luimnigh
An n-oibreoidh clibeanna Eorpacha eile in Éirinn?

Faoi láthair ní oibreoidh ach na clibeanna leictreonacha a sholáthraíonn soláthraithe clibeanna ar dola-bhóithre na hÉireann. Beidh comhtháthú iomlán le haghaidh soláthraithe clibeanna ar fud na hEorpa ar fáil amach anseo.

Conas a thuairiscím teagmhais mhótarbhealaigh?

Tá líne tiomnaithe teagmhais mhótarbhealaigh ar féidir leat glaoch uirthi má fheiceann tú eachtra ar mhótarbhealach in Éirinn. Glaoigh ar 0818-715-100 nó seol ríomhphost chuig operator@nraits.ie..

Cén fáth a mbailítear dolaí?

Leis an Acht Rialtais Áitiúil (Dola-Bhóithre), 1979, tugtar cumhacht do Bhonneagar Iompair Éireann dolaí a ghearradh agus a bhailiú ar úsáid bóithre áirithe ag feithiclí.

Tugtar faoi mhórfhorbairtí bóithre nua in Éirinn agus déantar iad a mhaoiniú trí Chomhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí (CPP). Ciallaíonn sé seo, chun bóithre nua a fhorbairt agus an bonneagar reatha a chothabháil, go dtagann cuid den mhaoiniú a theastaíonn ó fhoinsí poiblí agus go dtagann cuid den mhaoiniú ó fhoinsí príobháideacha tráchtála.

Tá úsáid na dtionscadal CPP ag Bonneagar Iompair Éireann ag teacht leis an straitéis maidir le dola a úsáid chun cuid den infheistíocht shuntasach ón earnáil phríobháideach a bhaineann le bóithre a fhorbairt agus a chothabháil in Éirinn a aisghabháil.

Dola a Íoc

Blank element to eliminate the first item always open
Conas a íocaim as dola in Éirinn?

Tá gnáthphlás dola le bacainn ag deich gcinn de na haon dola-bhóthar déag in Éirinn. Mura bhfuil Clib dola eisithe ag do charr in Éirinn, beidh ort stopadh ag both an airgeadóra agus íocaíocht dola a dhéanamh in airgead tirim.

Tá plás dola M50 Bhaile Átha Cliath saor ó bhacainn agus is féidir leat íoc ar líne anseo.

Nó d’fhéadfá do shaol a dhéanamh beagán níos éasca agus clárú le haghaidh Cuntas Chlib Dola anois agus bothanna dola a sheachaint gan stró ar bith.

Cé mhéid a chosnaíonn dola?

Athraíonn táillí dola ag brath ar an mbóthar a bhfuil tú ag taisteal air, an cineál feithicle atá agat agus cibé an bhfuil cuntas agat le soláthraí clibe nó nach bhfuil. Féach ar leathanach na rátaí a thugann miondealú mionsonraithe ar na dolaí éagsúla.

Cé atá díolmhaithe ó dholaí a íoc?

Tá roinnt tiománaithe ann atá díolmhaithe ó dholaí a íoc. Tá feithiclí ar leis Óglaigh na hÉireann, an Garda Síochána agus feithiclí a úsáideann na seirbhísí éigeandála chun críocha oifigiúla, díolmhaithe ó mhuirir dolaí a íoc in Éirinn.

Tá feithiclí atá oiriúnaithe go speisialta atá á dtiomáint ag daoine faoi mhíchumas díolmhaithe ó dholaí ar gach bhóthar dola sa stát.

Cad a tharlóidh má shroichim dola gan aon airgead orm?

Má thagann tú chuig plás dola gan airgead, beidh ort bileog “Tuairisc Dola Neamhíoctha” a shíniú. Is cion é gan dola a íoc. Is féidir le húsáideoirí a gcuid táillí dola neamhíoctha a íoc le hairgead tirim nó le cárta ag aon bhoth dola.

Nuair a bhíonn bóthar dola an M50 saor ó bhacainn á úsáid gan chlib ghníomhach, ba cheart íocaíocht a dhéanamh roimh 8:00in an lá dár gcionn chun táille breise de €3.00 ar an mbundola a sheachaint.

Tá gach tiománaí a úsáideann ceann de dolabhóithre na tíre faoi dhliteanas táillí dola a íoc. Beidh iad siúd a bhaineann úsáid as bóthar dola agus a dteipeann orthu, a dhéanann faillí nó a dhiúltaíonn íoc, beidh siad ciontach i gcion agus dlífear é nó í ar chiontú go hachomair sa Chúirt Dúiche fíneáil nach mó ná €5,000.

Ach ní bheidh ort a bheith buartha faoi seo má tá Cuntas Chlib Dola agat!

Conas a íocaim as dolaí má tá mé ag tiomáint cairr ar cíos?

Ba cheart duit dul i dteagmháil le do chuideachta a ligeann carranna ar cíos roimh ré le fáil amach an gcumhdaítear íocaíocht dola trí do chomhaontú cíosa. Mura bhfuil sé seo amhlaidh is tusa atá freagrach as táillí dola a íoc.

Tá plás dola M50 Bhaile Átha Cliath saor ó bhacainn agus is féidir leat íoc ar líne anseo

Cad a tharlóidh mura n-íocaim mo Dhola M50?

Mura ndéanann tú íocaíocht dola an M50 roimh 8 i.n. ar an spriocdháta íocaíochta ar an chéad lá eile, tabhóidh tú táille breise de €3.50. Mura n-íoctar na táillí bunaidh dola M50 neamhíoctha agus an pionós laistigh de 14 lá, gearrfar pionós breise ar íocaíocht dhéanach de €46.50.

Mura n-íoctar an méid seo gan íoc tar éis 56 lá eile gearrfar pionós déanach breise de €116.00. Mura bhfuil an méid atá dlite íoctha agat fós, féadfar imeachtaí dlí a thionscnamh.

Tá ceadúnaithe ag Euro Parking Collections táillí dola neamhíoctha a bhailiú ar son an M50 ar fud mhór-roinn na hEorpa.

Chun an deacracht seo ar fad a sheachaint, is féidir leat clárú le haghaidh Cuntas Chlib Dola agus fiú suas le €1 a shábháil ar do thurais M50!

Íocaíochtaí Déanacha agus Pionóis

Blank element to eliminate the first item always open
Cén fáth a ngearrtar táillí dola?

Leis an Acht Rialtais Áitiúil (Dola-Bhóithre), 1979, tugtar cumhacht do Bhonneagar Iompair Éireann dolaí a ghearradh agus a bhailiú ar úsáid bóithre áirithe ag feithiclí.

Tugtar faoi mhórfhorbairtí bóithre nua in Éirinn agus déantar iad a mhaoiniú trí Chomhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí (CPP). Ciallaíonn sé seo, chun bóithre nua a fhorbairt agus an bonneagar reatha a chothabháil, go dtagann cuid den mhaoiniú a theastaíonn ó fhoinsí poiblí agus go dtagann cuid den mhaoiniú ó fhoinsí príobháideacha tráchtála.

Tá úsáid na dtionscadal CPP ag Bonneagar Iompair Éireann ag teacht leis an straitéis maidir le dola a úsáid chun cuid den infheistíocht shuntasach ón earnáil phríobháideach a bhaineann le bóithre a fhorbairt agus a chothabháil in Éirinn a aisghabháil.

Pionóis de bharr gan táillí dola a íoc

Tá gach tiománaí a úsáideann ceann de dolabhóithre na tíre faoi dhliteanas táillí dola a íoc. Beidh iad siúd a bhaineann úsáid as bóthar dola agus a dteipeann orthu, a dhéanann faillí nó a dhiúltaíonn íoc, beidh siad ciontach i gcion agus dlífear é nó í ar chiontú go hachomair sa Chúirt Dúiche fíneáil nach mó ná €5,000.

Cad a tharlóidh mura n-íocaim dola an M50?

Mura ndéanann tú íocaíocht dola an M50 roimh 8 i.n. ar an spriocdháta íocaíochta ar an chéad lá eile, tabhóidh tú táille breise de €3.50. Mura n-íocfar na táillí dola M50 bunaidh and the penalty are not paid within 14 days then an additional late payment penalty of €46.50 will be incurred.

Mura n-íoctar an méid seo gan íoc tar éis 56 lá eile gearrfar pionós déanach breise de €116.00.

Mura bhfuil an méid atá dlite íoctha agat fós, féadfar imeachtaí dlí a thionscnamh.

Tá ceadúnaithe ag Euro Parking Collections táillí dola neamhíoctha a bhailiú ar son an M50 ar fud mhór-roinn na hEorpa.