Cineálacha Cuntais
Trí chuntas a oscailt tríd an iliomad soláthraithe clibe, ní bheidh ort a bheith buartha faoi dhearmad a dhéanamh ar na chéad spriocdhátaí íocaíochta eile nó an sóinseáil cheart a bheith agat agus tú ag druidim le plás dola.
Cuntais Iar-Íoctha
Ligeann cuntas iar-íoctha duit cuntas a bhunú le soláthraí clibe chun na táillí dola a thabhaítear le linn na míosa sin a íoc ag deireadh na míosa. Féadfaidh dátaí íocaíochta athrú Déan tagairt do sholáthraí do chlibe le haghaidh tuilleadh sonraí.
- Roghanna íocaíochta éagsúla
- Dochar díreach Cárta dochair Cárta creidmheasa
Cuntais Réamh-Íoctha
Le cuntas réamhíoctha, déanann tú do chuntas a bhreisiú le méid roghnaithe roimh ré. Déantar do chuntas a ‘bhreisiú’ go huathoibríoch ansin nuair a shroicheann do chuntas an t-íosleibhéal a shonraítear roimhe ré.
- Roghanna íocaíochta éagsúla
- Dochar díreach Cárta dochair Cárta creidmheasa
Cuntas Airgid Thirim
- Le cuntas airgid thirim, cuirfear ar do chumas creidmheas a chur ar do chlib roimh ré ag baint úsáide as íocaíochtaí airgid thirim.
- Tá dhá rogha ann:
- Rogha 1: Íoc ag ceann amháin den iliomad asraon PostPoint atá lonnaithe ar fud na hÉireann.
- Rogha 2: Íoc ag both OmniVend atá lonnaithe i siopaí áise ar fud na tíre.