Idir-inoibritheacht

Faigh amach faoi na buntáistí a bhaineann le hidir-inoibritheacht in Éirinn agus sa chuid eile den Eoraip trí chlib amháin a úsáid.

In Éirinn

San Eoraip

In Éirinn

Thug Bonneagar Iompair Éireann isteach córas íocaíochta dola atá áisiúil don chustaiméir (eToll) a tháinig i bhfeidhm ar fud na tíre ar an Aoine 15 Meitheamh, 2007.

Ceann de na buntáistí is mó a bhaineann le clárú don chóras seo ná go bhfuil siad idir-inoibritheach ar fud na hÉireann. Ciallaíonn sé seo, go dtabharfaidh do chlib rochtain duit ar gach dola-bhóthar sa tír uair agus a bheidh tú cláraithe le soláthraí clibe.

Is féidir le sealbhóirí clibe na buntáistí a bhaineann le trácht ar bhoth dola a sheachaint, gan sóinseáil a bheith ag teastáil uathu arís agus turais níos tíosaí ar bhreosla a dhéanamh níos tapúla.

Is coincheap simplí agus áisiúil é eToll:
“Oibreoidh clib ó aon cheann de na soláthraithe údaraithe clibe ar bhóithre dola ar fud na tíre”.

Feidhmeoidh aon cheann de na clibeanna liostaithe ar gach bóthar dola in Éirinn. Chomh maith leis sin, glacann gach lána ag gach dolaphlás (seachas na lánaí tiomnaithe HGV ag Tollán Bhaile Átha Cliath) le clibeanna.

Úsáideann na Soláthraithe Clibe go léir an córas Idir-Inoibritheachta eToll a chiallaíonn nach mbeidh ach clib amháin de dhíth ar thiománaí le haghaidh saoráidí dola in Éirinn.

Bunaithe ar an gclár píolótach táimid ag súil le ráta ratha de thart ar 98%, ach beidh deacracht ann má bhíonn locht ar chlib nó má tá sé suite in áit mhícheart laistigh d’fheithicil. Déan tagairt le do thoil don
threoracha an eisitheora maidir leis an gclib a shocrú agus má tá aon deacracht leis an gclib leictreonach déan teagmháil le heisitheoir na clibe.

Ní mór do thiománaithe a bhfuil níos mó ná clib amháin acu a bheith ar an eolas nach léifear ach clib amháin trí roghnú randamach. Mar sin, moltar do thiománaithe rogha chlibe a roghnú le crochadh i gceart laistigh dá gcarr.