Idir-inoibritheacht

Faigh amach faoi na buntáistí a bhaineann le hidir-inoibritheacht in Éirinn agus sa chuid eile den Eoraip trí chlib amháin a úsáid.

In Éirinn

San Eoraip

San Eoraip

Ó thús na 1990idí ar aghaidh, bhí áiseanna dolaí leictreonacha ar fud na hEorpa neamh-inoibritheach, agus go ginearálta tá siad fós neamh-inoibritheach. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh tiománaithe roinnt clibeanna leictreonacha a bheith curtha laistigh dá bhfeithicil chun leas a bhaint as na dola-bhóithre éagsúla ar a dturas.

I bhfianaise an mhéadaithe ar thrácht ar bhóithre idirnáisiúnta, is é cuspóir na Seirbhíse Dola Leictreonaí Eorpaí (EETS) a chur ar chumas úsáideoirí bóithre dolaí a íoc go héasca ar fud an Aontais Eorapigh uile gan ach conradh síntiús amháin, soláthraí seirbhíse amháin agus aonad ar bord amháin a bheith acu. I gcás tiománaithe a úsáideann roinnt dolaí éagsúla ar a dturas, feabhsóidh EETS sreabhadh na n-oibríochtaí laethúla, feabhsóidh sé sreabhadh tráchta agus laghdóidh sé brú tráchta.

Cad é EETS?

Is féidir EETS a achoimriú mar “feithicil amháin, conradh amháin, aonad-ar-bord amháin".

Cuirfidh EETS ar chumas úsáideoirí bóithre dolaí a íoc ar fud an Aontais Eorpaigh (AE) le conradh síntiús amháin le soláthraí seirbhíse amháin agus le haonad-ar-bord amháin. Áiritheoidh EETS idir-inoibritheacht na gcóras leictreonach dolaí bóthair ar ghréasán bóithre iomlán an Aontais, cuirfear teorainn ar idirbhearta airgid thirim ag stáisiúin dola agus cuirfear deireadh le nósanna imeachta achrannacha.

Cén fáth EETS?

Go ginearálta baintear úsáid as dolaí chun tógáil agus cothabháil bonneagair bóithre a mhaoiniú agus chun dul i ngleic le leibhéil ardaithe brú tráchta, torainn agus truaillithe. Tá breis is fiche milliún úsáideoir bóithre liostaithe le seirbhís dola leictreonach san Aontas faoi láthair. Feidhmíonn na córais seo le trealamh ar bord chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil. Mar sin féin, cuireadh córais éagsúla neamh-chomhoiriúnacha ar bun ar an leibhéal náisiúnta nó fiú ar an leibhéal áitiúil. Ní minic a bhíonn córais leictreonacha náisiúnta idir-inoibritheacha.

Cuireann córais dola bóithre neamh-inoibritheacha bac ar iompar idirnáisiúnta de bhóthar. Ní mór aonaid ar bord a bhaineann go sonrach le gach Ballstát Eorpach nó le fearann dola a bheith ag úsáideoirí bóithre. Mar sin, chun taisteal, mar shampla, ón bPortaingéil go dtí an Ísiltír d’fhéadfadh cúig aonad a bheith ag teastáil. Dá bhrí sin, tá conarthaí ag teastáil ó iompróirí le roinnt oibreoirí bóithre, agus a nós imeachta sonraiscthe agus billeála féin ag gach ceann acu. Ciallaíonn sé seo go bhfuil páipéarachas agus rómhaorlathas i gceist, rud a thógann am chun earraí a iompar ar fud an Aontais Ina theannta sin, bíonn ar úsáideoirí ó am go chéile déileáil le córais neamhaithnidiúla atá éagsúil ó gach tír nó fearann agus an tionchar diúltach a bheidh aige ar shreabhadh tráchta réidh.

Cad a chiallaíonn EETS d'úsáideoirí bóithre?

Le conradh aonair le soláthraí EETS amháin, maolófar ualach riaracháin na n-úsáideoirí agus déanfaidh sé gluaiseacht earraí agus daoine ar fud an Aontais a shimpliú toisc go ngearrfaidh a soláthraí go díreach iad as an dola a thabhóidh a gcuid feithiclí agus iad ag taisteal ar fud an Aontais. Is seirbhís leanúnach í an EETS: níl aon idirghabháil daonna laistigh den fheithicil ag teastáil mura n-athraíonn paraiméadair aicme dola na feithicle.

Ní chuirfidh ilbhoscaí isteach ar thiománaithe (uaireanta a éilíonn gníomh sonrach óna thaobh do gach aonad) ar a ndeais agus ní bheidh orthu bheith ar an eolas faoi shainiúlachtaí gach córais leictreonaigh de dhola bóthair a mbeidh siad ag teacht air. Ní bheidh ar thiománaithe scuaine a dhéanamh ag bothanna dola a thuilleadh, rud a sheachnóidh briseadh tráchta traidisiúnta a bhaineann le dola Mar thoradh air sin, beidh taithí acu, chun leasa an chomhshaoil, ar thrácht níos réidh agus níos sábháilte agus ar thurais níos gasta ar deireadh.

Ar deireadh, ba cheart go gceadódh an EETS do ginearálú de dholaí saorshreafa (saor ó bhacainní), freisin thar theorainneacha, a luaithe a bheidh sé curtha i bhfeidhm go hiomlán.

Cad iad na garspriocanna EETS?

Tháinig cinneadh an Choimisiúin maidir le sainmhíniú EETS i bhfeidhm an 8 Deireadh Fómhair 2009 agus foilsíodh é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 13 Deireadh Fómhair 2009. Ina dhiaidh sin, beidh an EETS ar fáil laistigh de thrí bliana d’fheithiclí os cionn 3.5 tonna agus/nó a cheadaítear níos mó ná naonúr paisinéir (lena n-áirítear an tiománaí) a iompar i.e. go dtí an 13 Deireadh Fómhair 2012 — agus laistigh de chúig bliana le haghaidh gach cineál feithicle, i.e. 13 Deireadh Fómhair 2014.