Cén fáth clib a fháil?
Tá a fhios againn go léir an deacracht a bhaineann le tréaniarracht a dhéanamh sóinseáil a chuardach, ag suí sa trácht dola nó gan spriocdháta íocaíochta a chomhlíonadh. Nuair a bheidh tú cláraithe agus do Chlib Dola úrnua suiteáilte acu, ní hamháin go spárálann tú am iontach ach is féidir leat airgead a shábháil ar do thurais dola freisin.
Na Buntáistí
Nuair a bheidh tú cláraithe agus feistithe le do
Clib Dola úrnua is féidir leat airgead a shábháil ar
d’aistir dola.
Sábháil airgead ar bhóthar dola an M50
Ní chuirifidh tú níos mó ama amú i dtrácht dola
Tiocfaidh deireadh le do chuid laethanta ag cuardach do shóinséala i do phóca
Slán leis na spriocdhátaí íocaíochta dan chéad lá eile
Is féidir leat íoc as do thurais sula dtaistealaíonn tú fiú
Cuntais Ghnó agus Flíteanna
I gcás cuideachtaí flíte agus cuideachtaí a bhfuil feithiclí iolracha acu, tá a fhios againn gurb’ionann airgead agus am. Má tá Clib Dola ar d’fheithicil(í), ciallaíonn sé seo go sábhálfaidh tú am luachmhar trí lánaí tapa a úsáid AGUS d’fhéadfadh gach feithicil suas le €1 a shábháil ar do thurais dola ar an M50.
Turais níos tapúla ar na lánaí tapa (gluaisteáin, jípeanna agus veaineanna beaga)
Ní bheidh ort ná do thiománaithe a bheith buartha faoin sóinseáil cheart a bheith agat
Éasca le do thurais agus do chaiteachas a bhainistiú (labhairt le do sholáthraí clibe le haghaidh tuilleadh eolais)
Costais breosla agus astaíochtaí a laghdú trí thrácht na mboth dola a sheachaint
Níos lú caithimh agus cuimilte ar do chuid feithiclí