Ráiteas Príobháideachais
1. Réamhrá
Ábhar an-tromchúiseach do Bhonneagar Iompair Éireann (“BIÉ”, “sinn”, “muid” agus “ár”) iad a fhreagrachtaí faoin dlí infheidhme um chosaint sonraí, an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (Rialachán (AE) 2016/679) agus an reachtaíocht lena gcuirtear i bhfeidhm é.
Is é cuspóir an fhógra seo thú a chur ar an eolas ar na sonraí a bhaineann leat is féidir linn a bhailiú agus a úsáid agus na húsáidí is féidir linn a bhaint as do shonraí (nochtadh do thríú páirtithe san áireamh) maidir leis an láithreán gréasáin seo. Tá an láithreán gréasáin seo á oibriú ag Indra Sistemas S.A. (“Indra”) thar ár gceann.
Is é BIÉ an rialaitheoir ar na sonraí pearsanta a bhaineann leat a bhailítear agus a phróiseáiltear tríd an láithreán gréasáin seo. Má bhíonn aon cheisteanna agat faoin úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta, déan teagmháil, le do thoil, lenár nOifigeach Cosanta Sonraí trí leas a bhaint as na sonraí thíos:
Bonneagar Iompair Éireann,
Ionad Gnó Gheata na Páirce,
Sráid Gheata na Páirce,
Baile Átha Cliath 8,
D08 DK10.
Guthán: +353 1 646 3600
Ríomhphost: dataprotection@tii.ie
2. Bailiú agus úsáid na faisnéise pearsanta
Ní bhaileoimid aon eolas a shainaithneoidh tú go pearsanta nuair a thugann tú cuairt ar an láithreán gréasáin seo mura roghnaíonn tú chun an t-eolas sin a sholáthar, e.g. trí na sonraí a leagtar amach ar an leathanach ‘Déan Teagmháil Linn’ ar an láithreán gréasáin a úsáid le teagmháil a dhéanamh le BIÉ. Bailítear aon sonraí pearsanta a choimeádaimid fút, dá bharr, go díreach uait féin, de ghnáth.
3. Cuspóir na Próiseála agus Bunús Dlí
Má úsáideann tú na sonraí a leagtar amach ar an leathanach ‘Déan Teagmháil Linn’ ar an láithreán gréasáin le teagmháil a dhéanamh le BIÉ, úsáidfimid sonraí pearsanta a bhaineann leat ar mhaithe le freagairt a thabhairt duit agus aon cheisteanna a d’fhéadfadh bheith agat a fhreagairt.
Is é an bunús dlí faoina bpróiseálaimid do shonraí pearsanta sa chás seo chun go dtabharfaidh BIÉ faoina thascanna ar mhaithe le leas an phobail agus/nó i bhfeidhmiú an údaráis oifigiúil a dhílsítear in BIÉ, maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dolaí leictreonacha in Éirinn san áireamh.
4. Nochtadh Sonraí
Is féidir linn do shonraí pearsanta a nochtadh d’eagraíochtaí eile maidir leis an gcuspóir thuas, faoi na cúinsí seo a leanas:
- Tríú páirtithe a fhostaímid chun seirbhísí a sholáthar dúinn maidir leis an láithreán gréasáin seo, ar nós soláthraithe seirbhíse seachfhoinsithe (Indra san áireamh), soláthraithe seirbhíse TF, comhairleoirí gairmiúla agus iniúchóirí.
- Údaráis inniúla rialtais, rialála agus forfheidhmithe dlí agus comhlachtaí eile dá samhail, faoi mar a iarrtar nó a cheanglaítear faoin dlí.
5. Sonraí a bhailítear go huathoibríoch
Má thugann tú cuairt ar an láithreán gréasáin seo chun brabhsáil, léamh nó íoslódáil a dhéanamh, bailímid agus stórálaimid faisnéis go huathoibríoch a fhaighimid ó do ghléas, an méid seo a leanas ina measc:
- Do sheoladh IP
- Saghas agus leagan do bhrabhsálaí gréasáin.
- Fad do sheisiúin ar ár láithreán gréasáin.
Úsáidimid an t-eolas seo chun cabhrú linn an láithreán gréasáin seo a dhéanamh níos áisiúla do chuairteoirí, chun foghlaim faoin líon cuairteoirí a thug cuairt ar an láithreán gréasáin agus saghas na teicneolaíochta a úsáideann ár gcuairteoirí. Is féidir linn staitisticí comhiomlána a thiomsú agus a thuairisciú faoinár n-úsáideoirí i dtaobh líonta, patrúin tráchta agus eolais a bhaineann leis an láithreán. Ní chuimsítear in aon staitisticí den saghas sin aon fhaisnéis a shainaithníonn aon duine.
Bailítear roinnt den fhaisnéis seo trí úsáid a bhaint as fianáin. Más mian leat níos mó a léamh faoi na saghsanna fianán a úsáidimid, an fáth go n-úsáidimid iad agus conas is féidir leat iad a rialú, léigh ár mBeartas Fianán.
6. Coinneáil
Ní dhéanfaimid do shonraí pearsanta a choinneáil ar feadh níos faide ná mar is riachtanach. Coinneoimid do shonraí pearsanta don fhad sin óna dteastaíonn siad ar na cuspóirí a ndéantar cur síos orthu san fhógra seo, nó lenár n-oibleagáidí faoin dlí infheidhme a chomhlíonadh agus, más ábhartha, chun déileáil le haon éileamh nó díospóid a d’fhéadfadh teacht chun solais idir tú féin agus sinne.
7. Aistrithe Thar Lear
Ní aistrímid aon sonraí pearsanta a bhaineann leat maidir leis an úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin seo lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíochta.
8. Do Chearta
- An ceart chun teacht ar do shonraí pearsanta – Tá an ceart agat iarraidh ar chóip de na sonraí pearsanta a choimeádaimid fút, sa mhullach ar fhaisnéis eile faoin bpróiseáil a dhéanaimid ar na sonraí pearsanta sin.
- Right to request rectification – You have the right to request that any inaccurate data that is held about you is corrected, or if we have incomplete information you may request that we update the information such that it is complete.
- An ceart chun scriosta – Tá an ceart agat iarraidh orainn sonraí pearsanta a choimeádaimid fút a scriosadh. Tugtar an ceart go ligfear i ndearmad air seo go minic.
- An ceart go sriantar próiseáil nó go gcuirtear in aghaidh phróiseáil do shonraí pearsanta – Tá an ceart agat a iarraidh nach bpróiseálaimid do shonraí a thuilleadh ar chuspóirí ar leith, nó chun cur in aghaidh phróiseáil do shonraí pearsanta ar chuspóirí ar leith.
- An ceart chun iniomparthachta sonraí – Tá an ceart agat do shonraí pearsanta a fháil, a sholáthair tú dúinn, i bhformáid struchtúrach, a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín nó a iarraidh orainn na sonraí sin a tharchur chuig rialaitheoir eile.
- An ceart do thoiliú a aistarraingt – Nuair a bhíonn an phróiseáil a dhéanaimid ar do shonraí pearsanta bunaithe ar thoiliú a bheith tugtha, tá an ceart agat do thoiliú don phróiseáil a aistarraingt ag aon tráth.
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil na cearta seo daingean, agus go bhfuil siad faoi réir srianta agus díolúintí áirithe. Mar shampla, ní bheidh an ceart chun sonraí pearsanta a scriosadh i gceist nuair a bhíonn cúis dhlisteanach againn na sonraí siúd a shealbhú agus is féidir linn leanúint de do shonraí pearsanta a phróiseáil, in ainneoin go gcuireann tú ina aghaidh, nuair a bhíonn forais dhlisteanacha againn an phróiseáil sin a dhéanamh a ghabhann treis ar do leasanna, cearta agus saoirse.
Más mian leat aon cheann de na cearta a leagtar amach thuas a fheidhmiú, féach Mír 1 thuas, le do thoil, chun teacht ar shonraí faoi Oifigeach um Chosaint Sonraí BIÉ.
9. Athrú ar an Ráiteas Príobháideachais seo
Is féidir linn an cinneadh a dhéanamh ó thráth go chéile chun ár ráiteas príobháideachais a athrú, ach cuirfear aon athruithe in airde ar an leathanach seo chun tú a choimeád cothrom le dáta ar conas a dhéanaimid eolas a bhailiú, a úsáid agus a nochtadh. Má dhéanaimid an cinneadh ag aon tráth chun sonraí pearsanta a úsáid ar bhealach atá an-éagsúil ón mbealach a luaitear sa ráiteas príobháideachais seo nó ón mbealach a nochtar duit ag an tráth a bailíodh na sonraí, tabharfaimid fógra duit, agus beidh an rogha agat maidir le cibé acu an úsáidimid nó nach n-úsáidimid d’eolas ar an mbealach nua.
10. Ceisteanna agus Gearáin
Má bhíonn aon cheisteanna nó gearáin agat faoin úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta, déan teagmháil linn, le do thoil, trí na sonraí teagmhála i Mír 1 thuas a úsáid.
Tá an ceart agat chun gearán a dhéanamh, chomh maith, leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí mura bhfuil tú sásta leis an mbealach a d’úsáideamar d’fhaisnéis nó a chuamar i ngleic le do chearta. Is féidir teacht ar shonraí faoi conas gearán a dhéanamh ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Chosanta Sonraí: www.dataprotection.ie
Cad atá le léamh ina dhiaidh sin